Choinnigh sí scolairí Gaeilge agus choinnigh a máthair fosta. Thug sin traidhfil maith airgid na cheantair. Ní raibh a leath oiread coinníollacha i gceist san am sin, choinnigh siad uimhreacha móra, méid seomraí 7rl. Tháinig rialacha úra amach ansin. Stad a máthair a gcoinneál nuair a d’fhág Sarah. Tagann cuid acu ar ais go fóill ag Sarah ar cuartaíocht. Téann cuid de scaifte Rann na Feirste go Gaoth Dobhair anois, níl go leor spáis acu i Rann na Feirste. Daoine as an Tuaisceart is mó a bhíodh ag teacht. | 00:05:08 | |